Seachtain Na Gaeilge 2015

shamrock

18ú,19ú agus 20ú Márta

SnaG-Lógó_Lándaite-Le-2015

Le Déanaí…

Poc fada

Dé Céadaoin

saff-hurler

Bhí an-spóirt ag na páistí sna meánranganna agus sna ranganna sinsearacha.

Déardaoin

Tráth Na gCeist 2015

trathnagceistmaincover1

[Not a valid template]

Pictiúr thuas…Ghabh an tUasal Ó hÓbáin buíochas leis an Uasal Jimmy Walsh as ucht an quiz a reachtáil.

Bhí tráth na gCeist againn sa halla tráthnóna Déardaoin agus bhí sé ar fheabhas!

Bhí iompair na bpáistí go hiontach dár ndóigh agus bhí leibhéal na bhfreagraí an-ard freisin!!!

Comhghairdeas leis na buaiteoirí agus na páistí go léir!

Go raibh míle maith agat agus comhghairdeas freisin, le Mr Jimmy Walsh a d’eagraigh an tráth na gceist. Bhí sé ar fheabhas. Maith thú Mr Walsh agus maith sibh freisin, éinne a thug cabhair dó, ach go háirithe, Ms Ní Mhurchadha.

Ceolchoirm

x2

Dé hAoine

ceolchoirm2

Tá Seachtain na Gaeilge thart don bhliain seo ach beidh cuimhneamh againn air le fada an lá, toisc an craic agus an spraoi a bhí againn…

MOL AN ÓIGE AGUS TIOCFAIDH SÍ!

A PHÁISTÍ!

(Children!)

TÁ SIBH TOGHA!!!

(You’re The BEST!!!)

[Not a valid template]

Ní fhaca tú riamh an mhéid de thalann a bhí ar thaispeáint ar scoil ar an Aoine, 20ú Márta! Bhí dhá cheolchoirm againn sa halla, ceann do na ranganna sóisearacha roimh lón agus ceann taréis lóin do na ranganna sinsearacha. Bhí Mr O’Byrne mar Fhear A’ Tí. Bhí na ceolchoirmeacha eagraithe ag Mr Walsh agus bhain gach éinne sult agus spraoi astu.

shamrock

Bhí idir damhsa agus amhrán agus scéalta againn. Ghlach gach rang páirt sa spraoi agus dar ndóigh, bhí na páistí meallta faoi bheith in ann a gcairde féin a fheiceáil ar an stáitse! Ó am go h-am bhí taispeántais aonaireacha againn ó pháistí éagsúla freisin. Bhí siad togha! Ceol den scoth a bhí ann.

shamrock

Taimíd fíor-bhuíoch do ghach múinteoir a d’ullmhaigh amhrán nó dán nó rann don ócáid galánta seo, do na páistí freisin, ach go háirithe, do Mr Walsh a d’eagraigh! Bhí leibhéal na hachtanna níos fearr i mbliana ná mar a bhí sé riamh. Do-chreidte, mar bíonn an talann thar barr gach blian!!!

shamrock

Gabhaimís buíochas mór freisin le Vicki Cawte, múinteoir damhsa agus le Colm Ó Méalóid a chan agus a rinne  damhsa ar an sean-nós, le Mr Gallagher, Ms Churm agus le Ms Ní Mhurchadha a sheinn an bodhrán, na spúnóga agus an fheadóg! Gabhaimís buíochas speisialta le cheoltóirí Chill Dhéagláin, grúpa ceoil thraidisiúnta a sheineann dúinn gach blian. Maith sibh!!”

Cliceáil thíos chun damhsa ar an sean-nós a fheiceáil…

Damhsa ar an Sean-Nós le Colm Ó Méalóid

Cliceáil thíos freisin chun Rang A Ceathair ag déanamh Damhsa na Scuaibe a fheiceáil. Ar fheabhas!

Damhsa na Scuaibe

shamrock

*****

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*